Naíonáin ag an trá!

I Mí na Bealtaine seo caite bhí Deirdre Breathnach ag déanamh cleachtadh múinteoireachta i Rang na Naíonán agus mar chuid den chúrsa a bhí ar siúl aici thug sí Ranganna na Naíonán ar thuras lae go dtí Trá na Bánraigh atá míle ón scoil. Ina teannta an lá álainn grianmhar sin bhí roinnt de na tuismitheoirí agus an múinteoir ranga. Bhí an-lá ag chuile dhuine agus chomh maith le sliogáin agus nithe eile a bhailiú chonaic na páistí altóir Cholmcille. Léitear an t-Aifreann ag an Altóir seo chuile bhliain ar fhéile Naomh Phatrún na scoile agus an cheantair-Naomh Colmcille. Sé an 9ú lá de Mheitheamh Lá an Phatrúin.

 

 

Altóir Cholmcille

 

 

  Abhaile!